Offaly County Enterprise Board info@offalyceb.ie
 
 
 
You are here : Home > Languages > Gaeilge

As Gaeilge


Tacaí Airgeadais

reports.jpgCuireann Bord Fiontar Chontae Uíbh Fhailí tacaí airgeadais eile ar fáil i bhfoirm cúnamh caipitil, cúnamh fostaíochta agus cúnamh le haghaidh staidéir féidearthachta, do ghnóthaí atá i dteideal an chúnaimh sin agus atá lonnaithe i gContae Uíbh Fhailí, nó a bhfuil sé i gceist acu lonnú sa chontae.
Deontais Chaipitil

Do thionscnaimh atá i dteideal deontais, is féidir le Bord Fiontar Chontae Uíbh Fhailí deontais chaipitil neamh-inaisíoctha nó/agus cúnamh inaisíochtha suas le 50% de chostais chaipitil a chur ar fáil, go huasmhéid €75,000.

Is féidir sciar de Dheontais Chaipitil a chur ar fáil i bhfoirm cúnamh inaisíoctha. Is iasacht le ráta úis íseal atá i gceist, a aisíoctar thar cúpla bliain.

  • €75,000 an t-uasmhéid a chuirtear ar fáil i gcúnamh deontais
  • Is féidir maoiniú a úsáid d’fhonn innealra nó trealamh nua a cheannach, tógáil a chur i gcrích, nó athchóiriú/feistiú a dhéanamh ar an áitreabh gnó, mar chuid de chostais tosaithe an ghnó nó de chostais fáis ghnó atá seanbhunaithe.

  • Caithfidh an Bord an tionscnamh a fhaomhadh sula dtosaítear air
  • Caithfear a léiriú go mbeidh an gnó inmharthana agus go bhfuil cumas fáis aige

Deontais Fostaíochta

Do thionscnaimh atá i dteideal deontais, is féidir le Bord Fiontar Chontae Uíbh Fhailí deontais suas le €7,500 a chur ar fáil do gach post nua a chruthaítear. Is féidir le hiarratasóirí deontas caipitil nó deontas fostaíochta a lorg do thionscnamh ar leith ag aon am, ach ní féidir an dá shórt a lorg.
  • Ceadófar suas le €7,500 do gach fostaí
  • Caithfidh an tionscnamh fostaíocht sa bhreis a chruthú

  • Caithfidh an fhostaíocht a chruthaítear a bheith inmharthana
  • Beidh ar an tionscnamh féin a bheith inmharthana agus cumas fáis a léiriú
  • Ní chuirfear deontais fostaíochta ar fáil chun poist a shábháil nó chun iad a chothabháil
  • Íoctar Deontais Fostaíochta anois in dhá chuid, an chéad chuid (50%) nuair a chruthaítear post agus an chuid eile nuair atá an post i bhfeidhm le sé mhí.

Deontais le haghaidh Staidéir Féidearthachta

Clúdaíonn an deontas seo suas le 60% de chostas staidéar féidearthachta/plean gnó a ullmhú, go huasmhéid €6,350 i gcás tionscnamh aonarach.

Bheadh ar an iarratasóir réamh-thaighde a chur i gcrích roimh ré, chun a chinntiú nach cur amú ama tabhairt faoi staidéar féidearthachta iomlán.
 
Offaly County Enterprise Board, Enterprise House, Cormac Street, Tullamore, Co Offaly, Ireland.
Phone : +353 (0)57 93 52971 +353 (0)57 93 52972 E-mail: info@offalyceb.ie

irelandseustructuralfund.jpg

erdf_eu_flag.col_mac_english.jpg

etplogo.jpg

Offaly County Enterprise Board Limited has a registered and trading address at Cormac Street, Tullamore, Co. Offaly.
Registered number: 225589



 


 
Privacy Statement | Sitemap
powered by SitesToGo TM